Ag Guí ar Son na Marbh

Nov 24, 2022

Fr Sean Coyle/Seán Mac Cumhaill writes about finding his great-uncle Lawrence Dowd’s grave in Flanders 84 years after he was killed in the Great War. He highlights the nightly ceremony at the Menin Gate to remember the more than 50,000 men, 5,000 of them Irish, who died in the Battle of Ypres and whose burial places are unknown. He also notes how the custom of praying for the dead came from Judas Maccabaeus after a battle in which many Jewish soldiers died around 170 BC.

I Meán Fómhair 2001 agus mé lonnaithe i Solihull, Sasana, chuaig mé don Bheilg le haghaidh pósadh Stefaan agus Joy. Bhí sean-aithne agam ar Joy mar rugadh agus tógadh í i bparóiste Colmbánach i Mindanao, Na Filipíní. Bhí fhios agam gur maraíodh leath-dheartháir le máthair mo mháthar, Lawrence Dowd, gar do Ieper / Ypres sa Chogadh Mór ar 6 Lúnasa 1917. Bhí fhios agam chomh maith nár thug aon gaol cuairt ar an reilig ina raibh sé curtha. Agus ní raibh fhios agam cá raibh an reilig sin.

Thóg Stiofán agus Joy mé chuig an In Flanders Fields Museum in Ieper. Thug mé na bluirini eolais a bhi agam faoi Sheanuncail Lawrence do chléireach a chur an t-eolas sin isteach ina riomhaire. Thainig teastas amach leis an suiomh sa reilig ina raibh Lawrence curtha. Amach linn go dtí an reilig.

Ag uaigh mo Sheanuncail Lawrence Dowd, 2001.

Tá a lán reiligí míleata i gceantar Ieper faoi chúram an Commonwealth War Graves Commission. Is léir an ómós do na saighdiúirí atá curtha ionta, a bhformhór faoi bhun 25 bliain d’aois. Tá tragóid bhás an oiread sin fear óg ón dá thaobh a scriosadh sa Chogadh Mór á h-iompar ina gcroíthe ag muintir Ieper, ,

Thóg cara le Stefaan agus Joy mé chuig Geata Menin in Ieper mar a bhíonn searmanas gach oíche in onóir os cionn 50,000 saighdiúirí d’airm na Breataine agus na hImpireachta a maraíodh i gceanntar Ieper, 5,000 Éireannach ina measc, nach bhfuil fhios cá bhfuil said curtha. Tá a n-ainmneacha ar na ballaí. An oíche a bhí mé ann leag seanfhear an-aosta – b’fhéidir gur throid sé sa Chogadh Mór – fleasc agus bhí bean in aice liom le leanbh nach raibh níos mó ná seachtain d’aois. Tagann deora chugam gach uair a chuimhním ar sin.

I rith na Samhna guíonn muidne Caitlicigh ar son na marbh go léir. Ach ba shaighdiúir a thosaigh an nós seo tar éis catha os cionn 160 bliain roimh Críost: Bhailigh Iúdás, taoiseach na nGiúdach, airgead ó gach duine den phobal  . . . chuir sé ar triall ar Iarusailéim le go n-ofrálfai íobairt in éiric peacai . . . agus is ann a léirigh sé a chreideamh iomlán san aiséirí . . . Is amhlaidh a chuir sé an iobairt leorghniomh seo á hofrail ar son na marbh ionas go saorfaí óna bpeacaí iad (2 Macabéach 12:43-45).

Go soilsí solas síoraí dóibh agus go gcónaí said sa tsíocháin trí thoradh do dhaorpháise. Agus amen, a Íosa.

An Searmanas ag Geata Menin:

 

Share This