Rinneadh Feoil den Bhriathar / The Word became Flesh

Dec 21, 2022

Bhí mé sa bhaile i mBaile Átha Cliath faoi Nollaig 2001, mé ag obair sa Bhreatain ag an am. Chonaic mé clár teilifíse faoi bhanaltraí ó Na Filipíní ag obair in in Éirinn ar RTÉ a chuaigh i bhfeidhm go mór orm.

Cuireadh agallamh ar bhanaltra óg ó Mindanao – oileán i ndeisceart Na Filipíní atá níos mó ná an tír seo – ina raibh sí ag craobhscaoileadh an tSoiscéil i ngan fhios di féin. Labhair sí faoin uaigneas a bhí ar na Filipínigh go léir i rith na Nollag anseo. Bhí fhios acu chomh maith go gceiliúrann muidne anseo an Nollaig mar theaghlaigh ar Lá Nollag féin.

Ins Na Filipíní déantar seo ar Oíche Nollag tar éis Aifrinn na hOíche. Tugtar Noche Buena ar seo. Téarma é seo a úsáidtear i dtíortha a bhí faoi thionchar na Spáinneach a chiallaíon ‘Oíche Mhaith’ ach nach ionann le Buenas noches nó ‘Oíche mhaith’ mar ghnáthbheannacht. B’fhéidir go mbeadh ‘Oíche Bheannaithe’ níos cruinne mar aistriúchán.

Réitigh na banaltraí Filipíneacha go n-oibreodh siad ar Lá Nollag ionas go mbeadh na banalatraí Éireannacha in ann an lá a chaitheamh lena dteaghlaigh – agus chun a n-uaigneas féin a mhaolú.

Ceistíodh an banaltra faoina cuid oibre san oispidéal. Bhí sí an-sásta faoi seo agus faoina gcomhoibritheorí agus an-bhuíoch go háirithe dá maoirseoir. Ach ansin thosnaigh sí ag labhairt faoin árasán ina riabh sí ina cónaí agus dúirt go raibh sé i bhfad níos compórdaí ná mar a bhí an Mhaighdean Mhuire agus Naomh Iosaf a fearchéile san áit i mBeithil inar saolaíodh an Leanbh Íosa.

Bhí deora i súile na mná óig ón taobh eile den domhan. B’fhacthas dom é go mba ‘comharsana béal dorais’ di ins Na Filipíní an Teaghlach Naofa. Tháinig na deora chugamsa ansin.

Do thuig an bhean seo ón tír inar chaith mé an chuid is mó dem’ shaol mar shagart na focal cumhachtacha a scríobh Naomh Eoin i mbrollach a Shoiscéil: ‘Agus rinneadh feoil den Bhriathar agus chónaigh sé inár measc’.

leis an Athair Seán Mac Cumhaill /Seán Coyle

Don Oíche Úd i mBeithil

Duan traidisiúnta

Ceoltóirí: The Chieftains

Leagan Béarla le Seán Mac Réamoinn á aithris ag Burgess Meredith

Leagan Gaeilge á chanadh ag Kevin Conneff

Fr Sean Coyle recalls a young nurse tell RTÉ that Filipino nurses had volunteered to work on Christmas Day to hide their loneliness and to let their Irish colleagues spend the day with their families. She contrasts her comfortable apartment with the stable in Bethlehem, speaking of the Holy Family as if they were her next-door neighbours, proclaiming the Gospel without being aware of it, understanding the words of St John, ‘The Word became flesh and dwelled among us’.

Nollaig shona duit!

Share This